Ár n-Athair

Ár n-Athair, atá ar neamh, go naofar d’ainm, go dtige do ríocht, go ndéantar do thoil ar an talamh mar a nithear ar neamh. Ár n-arán laethúil, tabhair duinn inniú, agus maith duinn ár bhfiacha mar a mhaithimidne ár bhfiachúna féin, agus na lig sinn i gcathú, ach saor sin ó olc. Amen

’Sé do bheatha Mhuire

’Sé do bheatha, Mhuire, atá lán de ghrásta; tá an Tiarna leat; is beannaithe thú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne Íosa. A naomh-Mhuire, Mháthaie Dé, guidh orainn na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis. Amen.

Glóir

Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh, mar a bhí ar dtús, mar atá anois, agus mar a bheas go brách trí shaol na saol. Amen.
Paidreacha roimh an Naomh Shacraimint

Paidir i ndiadh Comaoineach

A Anam Chríost, naomhaigh mé.
A Chorp Chríost, slánaigh mé.
A Fhuil Chríost, sásaigh mé.
A Uisce ó thaobh Chríost, nigh mé.
A Íosa dhílis, éist liom.
I do chréachta folaigh mé.
Ná lig dom scarúint leat.
Ar an namhaid mallaithe cosain mé.
Ar uair mo bháis glaoigh orm.
Agus ordaigh dom teacht chugat
ionas go molfainn i gcomhluadar na naomh thú
Trí shaol na saol. Amen.

Réir Dé go ndeinam

agus beatha na naomh go dtuilleam
solas na bhflaitheas go bhfeiceam
agus glórtha na n-aingeal go gcloiseam.

A Íosa mhilis, ní suíochán duit mo theanga,
ní lóistín duit mo chroí;
ach bronn orm do bheannaitheacht,
‘s go bhfana sí agam choíche.

Paidir i ndiadh Comaoineach

Fáilte dhuitse, a Choirp an Tiarna
‘tháinig ón Óigh dhiaga ghlain,
gurb é do bhás ar chrann na páise
do shábháil síol Ádhmha ar gach coir.

Críost liom, Críost romham,
Críost i mo dhiadh, Críost as mo chionn,
Críost fúm, Críost ina chónaí i mo chroí.
Críost ó dheas, Críost ó thuaidh.
Go raibh do shlánú a Thiarna inár measc go saol na saol.

Ag Críost an síol, ag Críost an fómhar,
in iothlainn Dé go dtugtar sinn.
Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc,
i líonta Dé go gcastar sinn.
Ó fhás go haois, is ó aois go bás.
Do dhá láaimh, a Chríost, anall tharainn.
Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás,
i bParthas na nGrást go rabhaimid.

  1. Daortar Íosa chun báis.
  2. Tógann Íosa an chros.
  3. Tuiteann Íosa an chéad uair.
  4. Castar a Mháthair ar Íosa.
  5. Cuidíonn Siomon le h-Íosa.
  6. Íosa agus Veronica.
  7. Tuiteann Íosa an dara h-uair.
  8. Caoineann na mná le h-Íosa.
  9. Tuiteann Íosa an triú h-uair..
  10. Nochtuightear Íosa.
  11. Greamaítear Íosa den chrois.
  12. Gheibh Íosa bás.
  13. Tógtar Íosa anuas den chrois.
  14. Alactar Íosa.

A Thiarna Dia, fuair Críost, do Mhac, bás ar ár son agus sa dhóigh sin bhunaigh sé rúndiamhair na Cásca. As ucht do thrócaire naomhaigh sinn agus cosain sinn i gcónaí. Sin é ár nguí chugat trínár dTiarna Íosa Críost, a mhaireann agus a rialaíonn mar aon leatsa agus leis an Spiorad Naomh, in Dhia, trí shaol na saol. Amen.

Thainig Aingeal an Tiarna le teachtaireacht chuig Mhuire.

– Agus ghabh sí ón Spiorad Naomh. Sé do bheatha, Mhuire

Feach mise searbhónta an Tiarna.

– Go ndéantar liom mar a duireas. Sé do bheatha, Mhuire

Rinneadh feol den Bhriathar

– Agus chónaigh Sé eadrainn. Sé do bheatha, Mhuire

Guidh orainn a Naomh Mhathair Dé

– Ionas go mb’fhiú gealltanais Chríost a fhail.

Guimis
Doirt anuas, impimid ort, a Thiarna, do ghrásta inár gcroíthe, ionas sinne a fuair fios trí sceala an aingil ar ionchollaíodh Chríost, go dtiocfaimis trí luaíocht a pháise agus a Chroise, go glóir a aíséirí, trid an Chríost céanna, ár dTiarna. Amen.

Cuimhnigh, a ogh ró-chraifeach Mhuire, ná cluineadh ariamh ó thús an t-saoil gur fagadh gan toradh einne dár iarr do choimirce, dár impidh do chunamh nó dá raibh ag toraíocht d’eadarghuí. Ar an abhar sinn, lan de mhuinín as seo, deifrím chugat, á Mháthair, agus a ogh na n-ogh, tigim i do lathair ag osnail, agus seamain as do chomhair i mo pheacach chráite. Á Mháthair Mhic Dé na tarcaisnigh m’urnaithe ach éist agus freagair iad go grásúil. Amen.

Go mbeannaítear duit, a bhanríon bheannaithe, a Mháthair na trócaire. Go mbeannaithear duit, ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas. Is ortsa a ghlaoimid, clann bhocht dhíbertha Eabha. Is chugatsa a chuirimid suas ár n-osnaí, ag mairgnigh agus ag gól, sa ghleann seo na ndeor. Ar an ábhar sin, a eadarghuí ghrásuil, tionntaigh do shuile trócaire orainn, agus indiadh ár ndibeartha anseo, taispeáin duinn tóradh bheannaithe do bhroinn Íosa. A Mhaighdean cheansa, ghrámahr, mhilis Mhuire. Guidh orainn a Naomh Mháthair Dé: ionas go mb’fhiu sin gealltanais Chríost a fháil. Amen.


Na Rúndiamhra Lúcháireacha:   (Dé Luain & Déardaoin)
1.
   Teachtaireacht an Aingil.
2.    Cuairt Mhuire ar Iosaibéal.
3.    Breith ár dTiarna sa stábla.
4.    Ofráil an Linbh Íosa.
5.    Fáil an Linbh Íosa.

Na Rúndiamhra Dólásacha:      (Dé Máirt & Dé hAoine)
1.
   Urnaí & allas fola ár dTiarna sa gharraí.
2.    Sciúiráil Ár dTiarna.
3.    Corónadh Ár dTiarna le coróin spine.
4.    Íosa ag iompair na croiche.
5.    Céasadh agus bás Ár dTiarna.

Na Rúndiamhra Glórmhara:  (Dé Céadaoine, Dé Sathairn & Dé Domhnaigh)
1.
   Aiséirí ár dTiarna.
2.    Deascabháil Ár dTiarna.
3.    Tuirlingt an Spioraid Naoimh.
4.    Deastógáil na Maighdine Muire.
5.    Corónadh na Maighdine Muire mar bhanríon na bhFlaitheas.

PAIDIR i NDIAIDH GACH DEICHNIÚR
A Íosa,  maith dúinn ár bpeacaí,  sábháil sinn ó Ifreann,  treoraigh gach anam ‘na bhflaitheas,  go mór mhór iad sin a bhfuil trócaire de dhith orthu.

 

AN SALVE REGINA
Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon bheannaithe, a Mháthair na trócaire,
go mbeannaíthear duit, ár mbeatha, ár mílseacht agus ár ndóchas.
Is ort-sa a ghlaoimid, clann bhocht dhíbeartha Éabha.
Is chugat-sa a chuirimid ár nosnaí, ag mairgnigh agus ag gol sa ghleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, a idirghuítheoir ghrásúil,
tiontaigh do shúile trócaireacha orainn,
agus i ndiaidh ár ndíbeartha anseo taispeáin dúinn toradh beannaithe do bhroinne, Íosa.
A Mhaighdean cheansa, ghrámhar, mhílis, Mhuire.
Guidh orainn a Naomh-Mháthair Dé.
Ionas go bhfiú sinn geallúna Chríost a fháil.

PAIDIR i NDIAIDH AN PHAIDRÍN
A Dhia,  ar shaothruigh d’aon Mhac an bheatha shíoraí mar luach saothair dúinn lena bheatha,  lena bhás agus lena aiséirí;  tabhair dúinn, impímid ort, i ndiaidh machnamh a dhéanamh ar na Rúndiamhra seo i bPaidrín ró-naofa na Maighdine Beannaithe Muire,  go ndéanfaimid an méid a chomhairlíos siad agus go bhfaighmuid an méid a gheallas siad,  tríd an Chríost chéanna,  ár  dTiarna.  Amen.

A Naomh Pádraig  ghlórmhair,  Aspal beannaithe na hÉireann!  a bhí i d¹athair agus i do chara agam i bhfad sul a dtáinig mé ar an tsaoil,  éist le mo ghuí agus glac uaim lán mo chroí den urraim agus den bhuíochas sin atá agam ort.  Is tríot-sa a tháinig an Creideamh chugam mar oighreacht;  agus is tríot-sa is mian liom buíochas a thabhairt do Dhia na Glóire anois ar son an Chreidimh sin is fearr liom ná mo bheatha féin.  A Athair bheannaithe agus Phatrúin mo thíre! na tarcuisnigh mo laige.  Cuimhnigh gurbh iad gotha na leanbh beag an cuireadh rúindiamhrach a fuair tú chun na tíre seo.  Éist,  mar sin,  leis an ghuí atá mé a chur chugat go h-umhal;  cuirim í chugat i n-éineacht leis na molta agus leis na beannachtaí a leanas d¹ainm agus do chuimhne ar fud na h-Eaglaise i n-Éireinn;  cuirim chugat í i n-éineacht leis na h-urnaí a rinne mo shinnsir atá anois ar neamh,  agus a fuair sealbh na glóire ó Dhia tré do dhuthracht agus tré do charthannacht-sa.  Beidh siad páirteach leat-sa ‘san ghlóir go síorí de bhrí gur éist siad le do theagasc agus gur lean siad do shompla.  Ós rud é gur de shíol na Naomh mé,  nach mbéadh sé náireach agam a bheith neamh-chosúil leo;  ar an ábhar sin,  ó¹n lá seo suas,  tá rún agam Dia a ghráú le mo chroí go h-iomlán,  agus a sheirbhís a dhéanamh le h-iomlán mo nirt.  A Phádraig Naofa,  tabhair do bheannacht damh leis an rún sin a choinneáil,  agus faigh damh,  le d’eadarghuí,  cibé grásta atchí tú riachtanach chun mo shlánuithe,  agus an fabhar fá leith seo atá mé a iarraidh anois.  Amen.

 

 

A Thiarna, spreag, ní amhain buachaillí agus cailíní óga, ach fosta Freagra fásta leana saoirse a thabhairt suas is dul i seirbhís Dé.  Go bhfeicfidh gach tuismitheoir gur cúis onóra & bróid duine dá gclann dul isteach sna h-oird mar theachtaire Dé, ag obair don Eaglais le linn na Mílaoise.

O, a Dhia! is ró-mhór a ghoilleas sé orm fearg a chur ort, de bhrí go bhfuil tú ró-mhaith agus ró-gheanamhail, agus nach bhfuil an peacadh taitneamhach i do láthair;  tá rún agam le cúnamh do naomh-ghrásta, mo bheatha a leasú ó seo suas agus gan fearg a chur ort arís go bráthach.

Is chugat-sa,  a Ioseph Bheannaithe,  a rithimid i n-ár dtrioblóidí, agus, ag  iarraidh cúnamh do Chéile ró-naofa dúinn,  cuirimid sinn féin le lán dóchas faoi do choimirce-se mar an gcéanna.   As ucht an ghrá sin a dhlúthuigh thú leis an Mhaighdin gan smál,  Máthair Dé,  agus na ceana atharúla sin le n-ar fháisc tú an Leanbh Íosa le do chroí,  iarramuid go h-umhal ort dearcadh anuas go grásúil ar an oidhreacht a cheannaigh Íosa Críost lena chuid fola,  agus cuidiú a thabhairt dúinn i n-ár riachtanas le d’idirghuí chumhachtach.  A Chosantóir ro-eagnaí an Teaghlaigh Naofa,  glac clann dhílis Íosa Críost faoi do chúram;  coinnigh amach uainn,  a Athair ró-ghrámhar,  gach smál earráide agus truaillíochta;  tabhair do chabhair go ceanúil ó neamh dúinn,  a Chosantóir ró-chumhachtaigh,  san troid seo againn le cumhachtaí an dorchadais;  agus mar a shábháil tú an Leanbh Íosa am amháin ar ghar-chontúirt a bháis,  cosain Naomh-Eaglais Dé anois ar cheilg a námhad agus ar gach mí-ádh.   Cumhdaigh gach aoinneach againn le do shíor-choimirce san chruth go leanfaimid do shompla agus,  ar scath do chúnaimh,  go mb’fhéidir linn saol cráifeach a chaitheamh,  bás naofa a fháil,  agus aoibhneas síorraí a ghnóthú ar neamh.     Amén.

A Chroí Ró-naofa Íosa,  is iomaí aisce a d’iarr mé riamh ort,  ach achainím ort an ceann seo go speisialta anois.  Glac uaim í agus cuir  i gcochall do chroí bhriste í agus ní dhiúltóidh an tAthair Síoraí di agus í daite le do chuid fola ró-luachmhar féin.  Ní hí mo phaidirse anois í ach do phaidirse.  A Chroí Ró-naofa Íosa,  cuirim iomlán mo dhóchais ionat agus ní liom ach thú. Amen.

PAIDIR CHUIG CROÍ RÓ-NAOFA ÍOSA
A Thiarna Íosa, a dúírt ‘Iarraigí agus bhéarfar daoibh’, téim ar mo ghlúine ag do chosa.  Cé air a

n-iarrfaidh mé muna n-iarram ort-sa, arb é do chroí foinse gach beannachta?  Agus creideamh domhain agam ionat, cuirim m¹achainí i do láthair agus iarraim é seo …  [luaigh d’achainí].  Admhaim nach fiú mé go n-éisteofá le mo ghuí, a Íosa, ach ní ábhar beaguchtaigh domh é sin.  Is tusa Dia na trócaire agus ní dhiúltóidh tú croí aithríoch.  Impím ort truaighe a bheith agata orm, a Thiarna.  Go dtugaí mo laige ar do Chroí cheansa chineálta éisteacht le mo ghuí.  A Chroí ró-naofa Íosa déan trócaire orainn.

A Íosa,  ná siúl romham inniu,  nó is docha nach leanfaidh mé thú,
A Íosa,  ná siúl i mo dhiaidh, nó is docha nach dtabhairfaidh mé treoir.
A Íosa,  bí i do chara fial damh agus díreach siúl ag mo thaobh.

A Anam Chríost, naomhaigh mé.
A Choirp Chríost, slánaigh mé.
A Fhuil Chríost, meiscigh mé.
A Uisce as taoibh Chríost, nigh mé.
A Pháis Chríost, neartaigh mé.
A Íosa mhaith, éist liom.
In do chréachta folaigh mé.
Ná lig damh scaradh leat.
Ar an námhaid mhallaithe cosain mé.
Ar uair mo bháis glaoigh chugat mé,
Agus iarr orm teacht chugat.
Ionnas le do Naoimh go molainn thú tré shaol na saol.   Amen

A Íosa,  a Mhuire ‘s a Iósaef,  bheirim suas daoibh mo chroí ‘s m’anam,
A Íosa,  a Mhuire ‘s a Iósaef,  bígí taobh liom ar uair mo bháis,
A Íosa,  a Mhuire ‘s a Iósaef,  go dté m’anam as an tsaoil seo i síocháin libh.

A Íosa, ró mhilis na bí mar bhreitheamh orm ach bí mar chara liom

A Naomh Thérese an Linbh Íosa, teagasc domhsa muinín a bheith agam i nDia mar a bhíonn ag na páistí agus mar a bhí agat-sa.  Cuidigh liom mo shaol a chaitheamh ag déanamh gach rud go maith, ar mhaithe le grá Dé agus grá na comharsan. A Bhláithín Íosa, iarr ar Dhia inniu na rudaí a chuirimse i do láthair le lánmhunín anois a thabhairt domh… (Luaigh d’achainí).
A Naomh Thérese na haghaidhe beannaithe, cuidigh liomsa a chreidbheáil – mar a chreid tusa – go bhfuil grá mór ag Dia orm sa dóigh is go ndéanfaidh mé aithris ar do ‘Bhealach Beag¹ gach uile lá. (Naomh Thérese).

Féach,  a Íosa cheannsa,  ró-mhilis,  caithim mé féin ar mo ghlúina i d¹fhianaise;  agus guím agus achainm ort le mór-mhian m¹anama,  go ndaingneochta i mo chroí beo-smaoite creidhimh,  dóchais agus carthanachta agus fíor aithreachais ar son mo pheacaí,  maille le rún daingean mo leasuithe,  agus smaoitím i m¹intinn féin agus meabhruighim go domhain le dianghrá agus dubhrón anama ar do chuig chréachta ró-luachmhara,  ag coinneáil roimh m’intinn na focla úd a chuir Dáivi i do bhéal fá dtaoibh duit féin a Íosa mhaith:  “Do phol siad mo lámha agus mo chosa,  chuntais siad mo chnámha uile.”

A Mhuire ró-dhílis & a Mháthair Dé, tá fuascladh na cruinne i do lámha go léir.  Cuir impí ar do leanbh Íosa a d’fhulaing a pháis go géar, ón chrua-chás ina bhfuil mé, fortaigh & sábháil mé.
A  Mhuire na nGrás,  a Mháthair Mhic Dé,  Go gcuire tú ar mo leas mé.
Go sábhála tú mé ar gach uile olc;  Go sábhála tú mé idir anam agus corp;
Go sábhála tú mé ar mhuir ‘s ar tír;  Go sábhála tú mé ar leac na bpian.
Gárda na nAingeal os mo choinn, Dia  romham ‘s Dia liom.